News and Events

TIONSCADAL LE M2M SOLIDARITY | AISTE GHRIANGHRAFADÓIREACHTA
Is iad Cargonomia i mBúdaipeist na hUngáire agus Éiceaphobal Chloch Shiurdáin in Éirinn a chruthaigh le chéile an aiste ghrianghrafadóireachta seo. Tá sé mar chuid de thionscadal darb ainm M2M Solidarity, a chuir an Transnational Institute in Amstardam ar bun. Tá sé ag lorg tacaíocht chun rannpháirtíocht Eorpach a athbheochan, a bheidh fréamhaithe i malartú idir-piaraí i measc tograí pobail. Tarraingíonn Cargonomia agus Cloch Shiurdáin as saothar Karl Polanyi (1998-1964), a tógadh i mBúdaipeist, faoin ngéarghá atá ann do mhór-chlaochlú sóisialta agus eacnamaíoch ón mbonn aníos chun dul i ngleic le géarchéim shóisialta agus éiceolaíoch ár linne. Taispeánann an aiste ghrianghrafadóireachta conas atá an dá thionscadal ag cuidiú leis an mór-chlaochlú seo.
Tá an aiste ghrianghrafadóireachta seo mar thoradh ar an tionscadal M2M Solidarity, a chuir an Transnational Institute in Amstardam tús leis. Thug an tionscadal seo 11 tionscadal phobalbhunaithe Eorpacha le chéile i ngrúpaí beaga – dhá nó trí thionscadal i ngach grúpa. Bhí treoracha acu chun léiriú a thabhairt ar dhlúthpháirtíocht na hEorpa. Chuaigh Cargonomia ón Ungáir agus Éiceaphobal Chloch Shiurdáin le chéile mar phéire don tionscadal. Is comhléiriú ar dhlúthpháirtíocht na hEorpa é an aiste ghrianghrafadóireachta seo. Fuair siad spreagadh ón léargas luachmhar a bhí ag Karl Polanyi (1886-1964), go háirithe an saothar ceannródaíoch a scríobh sé, The Great Transformation (1944). Ba as Búdaipeist do Polanyi. Chomh maith leis an aiste ghrianghrafadóireachta, rinne Cargonomia agus Cloch Shiurdáin grafaic faisnéise, agus dhá phodchraoladh darb ainm Imagining transformation: Polanyi’s insights for sustainability agus Rebels with a cause: practicing decommodification.
ECOVILLAGE
Related News
Feb 02, 2023
Destinations for Community Climate Action
Friday 3rd March 2.00PM to 5.00PM Are you involved in running an […]
READ MOREJan 25, 2023
Changing the Story: Community-Led Social Transformation
Listen to the Recording: Cloughjordan Ecovillage – Deep Listening Series | Episode […]
READ MOREJan 13, 2023
Peadar Kirby ag caint ar an dífhás
Peadar Kirby ag caint ar an dífhás
Seo taifeadadh de chaint a thug Peadar Kirby ar 'Ceartas Aeráide agus an Dífhás" don Chomhdháil Oiliúna ar an Oideachas Saoránachta Domhanda.
READ MORE